Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)

Suíomh:
An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ua Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 482

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 482

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Leathanach 482
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí seo ann agus más fadó bhí...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    da punnta” arsa’n baintreabhac.
    “Chuir asteach ins an bhoitheac sin thios agus bhéarfaidh míse an da phunnta duit ar an tráthnóna” arsa’n ceannaidhe.
    “Tabhair domh é anois” arsa’n baintreabhac “Seo cugat é arsa’n ceannaidhe.
    Nuair a chuir an baintreabhac an gamhain isteach sa bhoitheach thoisigh sí dha chuimilt agus dha chuimilt go dtí ghur imthigh an ceannaidhe ar shiubhail. Thug sí amac an gamhain agus thoisigh da ndíol arais agus díol sí an gamhain arais. Thainig an chead ceannuidhe thart agus d’fiafruigh sé dithe ca rabh a ghamhain. Dubhairt sis nac rabh fios aici. Dimthigh an ceannuidhe leis fríd an aonac ag fiafruigh do acan duine an fhaca sé an gamhain. Thainig fear fhád leis an ceannuidhe agus arsa seisean “Díol an baintreabhac mna an gamhain arais”.
    “Bhal bhal” arsa’n ceannuidhe, “Bhearfaidh mé an dlighe dithe.
    Chuaidh an fear fhád leis an baintreabhac agus dubhairt leithe go rabh fios ag an ceannuidhe ghur dhíol sí an gamhain arais agus go rabh se ag tabhairt an dlighe dithe. “Is cuma liom
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1585: The Lawyer's Mad Client
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peadar Mac Aodha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Diarmuda
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74