Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)

Suíomh:
An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ua Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 479

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 479

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Leathanach 479
  3. XML “Mac an Dálaigh - An Fear Beag Ribeach Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le fághail ag an té a léasfadh é. Rinne mac an Dálaigh amach gur mhaith an éadal crap an airgid a fhághail agus d’imthigh sé leis ag tarraingt ar an domhán thoir. Thug an fear beag ribeach ruadh bád dó a rachfadh caol díreach chun domháin thoir gan baint do. Nuair a shroich sé an domhán thoir cuaidh sé fhád le caisleán an Ríogh. Cuireadh an fháilte roimhe agus d’innis sé a ghnóithe. D’iarr sé pota agus sgian mhaith ghéar. Steall sé an ceann de’n Rígh leis an scin agus chuir isteach sá phota é le bruith mhaith a thabhairt do. Nuair a bhí sé ag bruith go maith cé thainig isteach ar a’ doras acht an fear beag ribeach ruadh. “Ó ní rabh tú ag teastal ariamh comh cruaidh orm” arsa mac an Dalaigh. D’iarr sé ar an fhear bheag ribeach ruadh cuideadh leis agus chuidigh. Thóg sé an ceann as a’ pota agus dubhairt sé go rabh ceann do na cluasa rud beag ró-bhruithte acht go ndeánfadh sí gnóithe. Shiadh sé an ceann ar an Rígh aráis agus bhí sé ar biseach. Fuair mac an Dálaigh cnap an airgid annsin agus d’iarr an fear beag ribeach ruadh air a dhul abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róis Éilís Ní Chába
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Dáibhid
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall