Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go rabh sí sáruighthe. Chuaidh an ghraug fhada faoi na cosaibh agus báitheadh í. Ar feadh an ama seo bhí an Feardhomhán ag troid go fiachmhar leis an mhuc. Leag an mhuc aráis é ar a dhá ghlún agus tá an lorg seo le feiceáil fósta. Deirtear nár éirigh an Feardhomhán ní ba mhó. Bhí an-tart ar an mhuic i ndiaidh na troda agus chuaidh sí a’ ól uisge sa loch agus báitheadh í. Nuair a chualaidh Léichín gur báitheadh a inghean agus gur marbhuigheadh a mhac bhí sé an-bhuadhartha agus d’imthigh sé ag dréim leachta a chur ortha. Thug sé leis beairtín leacach le leacht a chur suas ar an Feardhomhán acht níór éirigh leis a dhul go dtí’n uaigh leis na leacacha. Sáruigheadh é ag bun na molach agus tá an carnán annsin go fóill. Deirtear go bhfuil an leachta faoi dhraoidheachta agus na cóir baint di.
- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic Daibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall