Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)inntí annsin agus bhain sé féin as amach. Dubhairt sé leis féin anois dá bhfuigheadh an mhuc buaidh uirthí go rabh aigsean le troid ar a shon fhéin feasta. Bhí Marfach ní b’fhearr ag troid ná an bheirt eile acht i ndiaidh an iomláin mharbhuigh an mhuc í. Bhí an Feardhomhán ag Loch Muc nuair a fuair an mhuc suas leis aráis. Thoisigh an troid idir an bheirt aca agus bhí an bhuaidh ag an Fheardhomhán go dtáinig siad fad le Cró Cam leag an mhuc annseo é ar a leath-ghlún agus tá an lorg ann go fóill. Nuair a d’éirigh sé an t-am sin chuir sé a mhéar ‘na bhéal agus rinne fead. Bhí Finngheal ag cíoradh a cinn shíos i nGleann Léichín agus d’aithin sí fead a dearbhráthara. níor ghlac sí faill a gruaig a chasadh suas acht bhain as amach le cuidiughadh le na dearbhráthair. Thug sí léithe trí clocha i-na naprún agus nuair bhí sí ar bhruach Loch Finne ar an taoibh thall mhothuigh sí an macalla ar an taoibh eile agus shíl sí gurb’ é an Feardhomhán a bhí ann agus shnámh sí anonn a chuidiughadh leis. Nuair a bhí sí ar an taoibh sin shíl sí go rabh an Feardhomhán ar taoibh thall agus bhí sí ag snámh anonn agus anall mar sin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic Daibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall