Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an Feardhomhán an ceann i gcuideachta na ceathramhna. Chuir seo an-iongantas ar Fhionn agus d’iarr sé ar Léichín a mhac a leigint leisean go cionn seacht mbliadhan acht ní scarfadh Léichín leis. Annsin thug Fionn gealltanas go leigfidhe aráis é agus ar an ghealltanas seo leig Léichín leis na Fiannaibh é. Nuair a bhí sé ag dul siar an Gleann Mór ag Molaidh na Muice tháinig muc agus ál banbhán amach rompa agus mharbhuigh siad go léir iad acht banbhán amháin agus bhain Conár barr an rubaill dithe sin. Annsin d’imthigh siad leobhtha ag tarrainbt ar Chonnacht.
Nuair a chaith an Feardhomhán seacht mbliadhna ins na Fiannaibh tháinig cúhaidh air agus ba mhaith leis a athair a fheiceáil acht d’iarr Fionn air fanacht seacht mbliadhna eile acht ní rabh gar a bheith leis chaithfeadh sé imtheacht. D’iarr Fionn air gan a dhul Bealach na Muice ar sgor ar bith nó dá dtéidheadh go n-íocfadh sé an píóbaire. Acht bhí buaidh ar an Fheardhomhán rud ar bith a chrosfaidhe air sin an ud a chaithfeadh seisean a dhéanamh. Bhí trí chú dá chuid féin aige An Ghrafach, An Márach agus an Luinseach. Thug sé leis iad agus d’imthigh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Bríghid Nic Daibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall