Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 462
- XML “Caiftín Ó Dochartaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)díol cailín an-ghalánta agus dubhairt Caftaoin Ó Dochartaigh leis go dtabharfadh seisean £100 uirthi. Scairt fear eile o'n charnán go dtabharfadh seisean £200 uirthi.Ní rabh fhios ag an Dochartach caidé a dheánfadh sé annsin mar nach rabh níos mó airgid aige. Scairt sé amach sa deireadh 'leath-liosta mo luinge.' Scairt an fear a bhí thuas ar an charraig "Maith go leór' agus d'imthigh sé féin agus an cailín fhad leis an bhád agus thug sé leis leath na ndaoine agus thug se do'n fhear a bhí thuas ar an charraig iad. Du hairt an cailín leis nach rachadh sise leis go hÉirinn ar chor ar bith ach gur mhaith léithí da dtiocfadh sé arais. D'imthigh sé féin agus an chuid eile ag tarraingt ar Éirinn aráis. Tháinig sé isteach i mBaile Átha Cliath agus thug leis an chuid eile de na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall