Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thosaigh si ag cuardughadh shlat na draoidheachta ach ní thiocfadh léithe a fhághail. D'imthigh sí gan é sa deireadh.Tháinig si go dtí an reithe agus arsa sise- " an bhfaca tú cailín ar bith ag dul thart annsin le mo wig , wag, le mo rig rag, le mo dhá mhála óir agus airgid" ach thosnuigh an reithe dá bualadh agus thobair nach n-imtheochadh sí beo air. Tháinig sí go dtí an capall bán agus chuir an cheist chéadhna air ach thosnuigh sé ag tabhairt speachanna dí agus thobair go marbheochaidhe í. Annsin tháinig sí godtí an claidhe agus chuir an cheist chéadhna air ach d'éirigh an claidhe chómh h-árd agus nach dtiocfadh léi a dhul thairis. Chuaidh sí abhaile ag caoi agus ag gárthaighil faoi " a wig wag, a rig rag , a dhá mála óir agus airgid !!"
Bhuail an cailín buille de shlat na draoidheachta ar dhá chloich an t-salainn 7 rinneadh a dhá dheirbhshiuir airís dó. Chuaidh siad abhaile 7 chómhnuigh go socair,sámh ó'n lá sin godtí an lá indiu.- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall