Sgéal Na Triúr Ingheanacha
Bhí cailleach ann i bhfad ó shoin agus bhí tríur ingheanacha aice. Bhí siad an-bhocht sa' t-saoghal. Lá amháin dubhairt ceann de na h-ingheanacha go rachadh sise ag saothrughadh agus go gcuirfeadh sí an t-airgead ag a máthair. D'imthigh sí léithe. Ní rabh i bhfad go dtáinig sí go dtí teach beag agus cailleach an-mhíofur ann. D'fhastuigh an chailleach an cailín ar £5 go Samhain agus ní bheadh dadaidh le déanamh aice ach a gruag a chíoradh,'ach", arsa an chailleach leí " ar do bhás ná hamharc suas an t-seimleóir" Shíl an cailín go raibh margadh an-mhaith déanta aice. Ba ghnáthach leis an cailleach dhul a luighe i gcomhnuidhe lár an lae. Lá amháin bhuail fonn seanchais an cailín agus d'amharc sí suas an t-simleóir agus goidé a thuit anuas chuice ach ach ceartlín óir agus ceartlín airgid. Ar shiubhal leí agus an t-olmhaitheas léithe. Ní raibh i bhfad go dtáinig sí fhad le reithe agus é ar téad agus arsa seisean " Athruigh mé, athruigh mé, nó níor athruigheadh mé le seacht mbliadhna" ach níor athruigh an cailín é agus
(leanann ar an chéad leathanach eile)