Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Caiftín Ó Dochartaigh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 455

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Caftaoin Ó Dochartaigh

Bhí fear ann am amháin agus sé an t-ainm a bhí air Caftaoin Ó Dochartaigh. Bhí long aige ar an fhairrge agus is é an gnaithe a bhi aige ag díol daoine. Lá amháin d'imthigh sé agus bhí an long daoine leis ag dul 'un Oileán Úir. Nuair a thainig sé fhad leis an Oileán Úr d'fhág sé an long agus na daoine ar an chladach agus d'iarr sé ortha fanacht go dtiocfadh sé arais. D'imthigh sé féin isteach fríd an tír agus bhí sé ag cur seanchuis achan áit ce'n áit a bfuigheadh sé díolta na daoine a bhí leis. Shiubhal sé leis go dtí go dtainic sé fhad le roilig. Bhí an-charnán daoine istoigh annsin agus an-challán aca. Rinne sé amach go
ar lean ar leath 161

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge