Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 434
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bí tíghearna na chomhnuidhe i nDún na nGall fad o shoin agus ní gníodh sé dadaích ach ar shuibhal leis ag seilig...”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé go dtabharfadh sé rud ar bith dó a d'iarrfadh sé . Sé an rud a d'iarr an gasúr é a theacht aníos sa rópa agus é féin a chrochadh leis-sean. Dubhairt an dearbhráthair nach dtiocfadh leis sin a dhéanamh agus leig sé ar shiubhal arais é. Tháinig an gasúr na bhaile agus ní rabh iomrádh ar dhadaidh go cionn dhá bhliadhna arais agus chuir an tighearna talamh sgéal chuige gul siar a leithéid seo de Dhomhnach. Ní rabh fhios ag Mac a Bháird caidé bfheárr dó a dhéanamh agus smaoitigh sé go rachadh sé siar. D'imthigh sé leis siar maidin Dé Domhnaigh go luath agus chuaidh sé isteach chuig an tighearna talamh agus d'fhiafruigh sé de caidé'n gnaithe a bhí aige(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall