Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 430

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Bí tíghearna na chomhnuidhe i nDún na nGall fad o shoin agus ní gníodh sé dadaích ach ar shuibhal leis ag seilig...

O Peadar Mac Diarmuid a d'innis do na páistibh scoile é.

Bhí tighearna na chomhnuidhe i nDún na nGall fad ó shoin agus ní ghníodh sé dadaidh ach ar shiubhal leis ag seilig. Lá amháin bhí sé amuigh ag cruinniughadh airgid ó na tionnontaithe agus thoisigh an lá ag cur agus bhí tuille san abhainn. Ní rabh sé ábalta gabhail trasna agus chuaidh sé siar leis an abhainn. Sa deireadh d'aithin sé nach rabh sé abalta ghabhail trasna agus chuaidh sé isteach i dteach agus ní rabh aon duine istoigh ach gasúr. D'fhiafruigh sé den ghasúr caidé mar gheobhadh sé trasna ar an abhainn. Dubhairt an gasúr go bhfuigheadh sé trasna thíos

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Peadar Mac Diarmuid
Inscne
fireann
Aois
52
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cruach Leac, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge