Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Cruacha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 425

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

bhí sé ina fhear mhór anois. Shíl an fear go rabh an bhean pósta arais agus thóg sé an maide briste lena bhualadh ach smaoitigh sé ar an tríomhadh comhairle a fuair sé. Shuidh se síos agus las sé an píopa, agus go díreach ar an bhomaite mhuscaill an fear a bhí ag caitheamh an phíopa( a bhí ina chodladh?) agus scairt sé amach "O, thainig m'athair abhaile"
Bhí fhios ag an fhear annsin gurb a mhac féin a bhí ann .
Thug sé an toirtín don mhnaoi agus d'innis di gurb é sin an tuarasdal a fuair sé. Ghearr sí an toirtín agus thoisigh na ginneacha óir ag tuitim amach as agus bhí dóigh mhaith ortha ón lá sin go dtí an lá indiu.

Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Amhras Ó Caoimhghín
Inscne
fireann
Aois
51
Seoladh
Mín na Sróna Theas, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge