Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cailín óg pósta ar sheanduine. Bhí siad ag gabhail a luighe nuair a smaoitigh an fear ar an darna comhairle a fuair sé, agus d'imthigh sé amach fhad le cruach féir a bhí comhgharach agus chuaidh se isteach ann le codladh. Ní rabh sé i bhfad ann nuair a chuala sé an bhean óg agus gasúr óg as an chomharsanacht ag an chruaich. Bhí an bhean ag rádh leis an ghasúr go dtiocfadh lóbhtha-san an seanduine a mharbhughadh nó go dtáinig beirt un toighe an oidhche sin agus go rabh siad istoigh go fóill.
Dubhairt sí go dtiocfadh lóbhtha rádh gur mharbh seisean é nuair a bhí seisean amuigh. Chuala an fear a bhí sa chruaich seo agus smaoitigh sé gur mhaith an rud dó nár fhan se sa teach agus d'imthigh sé leis.Nuair a tháinig sé fhad le Bealach na gCreach bhí an bhean ag cur síos teineadh na maidine. Nuair a chuaidh se isteach un toighe bhí a mac na luighe sa leabaidh ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Amhras Ó Caoimhghín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 51
- Seoladh
- Mín na Sróna Theas, Co. Dhún na nGall