Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuireadh na phríosúin é ar feadh seachtmhaine. Nuair a chuaigh sé na bhaile thug sé leis Murchadha Beag lena bháitheadh. Thoisigh Murchadha Beag ag béicfigh agus tháinig eagla ar Mhurchadha Mór agus d'imthigh sé na bhaile. Tháinig fear thart agus an-rud eallach leis. Chaith Murchadha Beag an fear isteach san abhainn agus thug leis an t-eallach na bhaile. D'innis sé do Mhurchadha Mór go bhfuair sé an-rud eallaigh thíos ar thóin an phuill agus dubhairt Murchadha Mór go rachadh seisean isteach ann amárach go bhfuigheadh sé fein an méid céadna. Chuir Murchadha Beag isteach lá thar na bharach é agus fhobar gur bháidh se é , ach bhí truaigh aige dó agus thug sé amach é. Leag Murchadha Mór an dá shúil amach as agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Mhic Luain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall