Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór dubh fhad leis agus thoisigh an bheirt aca ag cómhradh.Ní rabh sé a bhfad go dtainic dhá chloigeann déag fear isteach agus comhnair leo. D'fhosgail siad an comhnair agus bhí fear marbh istoigh ann. Nuair a chonnaic an fear mór dubh iad, thoisigh se da gcur amach agus d'iarr sé ar Sheon cuidiu leis. Thóg Seón an maide briste agus thoisigh sé ag cuidiú leis. Chuir siad amach iad agus thug an fear mor dubh mála óir do Sheón. D'imthigh Seón na bhaile agus d'innis sé caidé mar bhí. Nuair a mhothuigh Seán sin rinne sé féin amach go rachadh sé ann, agus chuaidh.
Nuair a tháinig an meadhon oidhche tháinig an fear mór dubh isteach aige agus thoisigh siad ag cómhradh. Ní rabh se i bhfad go dtáinig an dá chloigeann déag fear isteach agus an comhnair leobhtha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall