An Reilig
Pádraig mac Giobúin
Tá suas le cúig roilig sa pharróiste seo-Parróiste Inis Caoil. Níl iomrádh sa tseanchas ar cheann ar bith aca ach roilig Chill Riaghain.Istoigh i lár na roilige seo tá sean bhallógaí teampaill agus seo teampall a thóg naomh darbh ainm Riaghain tá fada riamh ó shoin. Níl sé cinnte cé aca fear no bean a bhi sa naomh seo ach cerbh í bhí beirt naomh eile den teaghlach a thóg teampaill- ceann san áit a bhfuil Cill Cathardha anois, agus ceann san áit a bhfuil Cill Taobhóg. Shocraigh siad na
(leanann ar an chéad leathanach eile)