Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí sagart na chómhnuidhe i nGleann Fhinne. Lá amháin bí sé ar a theicheadh roimh na saighdiúr , agus tháinig sé fhad leis an áit seo comhgarach do'n áit a bhfuil an droichead úr anois. Bhí tobar ann agus sgeach thart fa dtaobh de. Chuaidh an sagart i bhfolach sa tobar mar bhi sé tirim. Thainig na saighdiúirí agus nuair bhí siad ag teacht chruinnigh aingle thart fa dtaobh de'n tobar. Scannruigh na saighdiúirí agus theich siad. Báisteadh 'Tobar na n-Aingeal'ar an tobar ó sin amach. Tá staisiún go dtí é i mí na Bealtaine , agus tá roinnt paidreacha le rádh . Seo iad: cúig páidreacha agus cúig Abhe Maria ag achan tobair ( tá ceann mór agus ceann beag ann) agus Cré fosta. Seacht ndeichneabhar agus 7 Abhe Maria thart fa na clochaibh cruinn agus trí Abhe Maria do'n daoinibh atá ag cur deis ar an áit thart fan tobair, os coinne na Croise. Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall