Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Pisreogaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 291

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Pisreógaí
1.Nuair a bhéadh daoine ag buaileadh maistrughadh , muna dtigeadh im air deirfeadh siad gur duine éiginteacht a rinne droch-amharc air.
2. Da mbéadh duine a dul a chearbhachas caithfidhe an maide briste na dhiaidh le h-ádh a chuir air. Da gcasfaidhe bean ruadh air dar leis nach mbéadh an t-ádh air.
3.Níor chóir rud ar bith fiúntach a thoiseacht Dia Sathairn" Nigheachan buidhe an tSathairn"a dtugtar ar nígheachan an lá sin.
4. Níor cheart duit na h-iongna a bhaint díot Dia h-Aoine.
5. Ní cheart bean a thabhairt abhaile Dia h-Aoine.
6. Droch-ádh roimh an té a thiocfadh ar an t-saoghal Domhnach Cíngíse.
7. Braon bainne a chaitheadh chuig na daoine beaga indiaidh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge