Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Cruacha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

mine agus meadar leána agus ma d'fhág mise dadaidh mo dhiaidh beir fhéin leat é. Sé dubhairt sí liom nach rabh aici ach naoi ramhaide gamhnaigh agus naoi ngamhna baineanna agus da bhfanfainnse go dtí go mblighthi iad go bhfuigfinn braon dha gcuid bainne agus ní hé sin indiú na indé na imbarach.
Is iomdha seórt sin lucht siubhal a bíos ann a bhean-a-toighe ce nach dtaoibh-sin mise. Bíonn longaire, lángaire ann, gingire , gaingaire, saidiarí, sacairighe, priocairí, bracaraí, léim lár gearr cailleach agus mná tinncleára. An chead rud a thug mise an bealach seo a bhean a toighe cailín a dtug mé grádh dí, cailín beag íseal, árd, gearr agus gaileaganta fada buidhe a rabh luisnigh in a súilibh, béim ar a ladara agus milliún -
( gan críoch)

Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge