Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Dilín na mBacach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 289

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Dillín-na-mBacach 21.11.37

Go mbeannuighthear daoibh-se a cruadail beannuigh an toigh seo, tá mise ag teacht leis na trí gartha is mó a bhí i mbaile na in áit ariamh mar tá na gártha guibhe, na gártha maithe agus na gártha páidreacha- le bheith ag guidhe oraibh-se ag an teach sin dhonnchaidh an áit a mbíonn an crann críon ar maidín agus an t-ubhall glas tráthnóna.
Éirigh do shuidhe a bhean -a-toighe agus nar cradhaidh an riogh do chroidhe agus nar luighfidh mé ar leabaidh chruaidh gan tuighe aus nar caillfidh mé fear-a-toighe, agus nar tugaidh an diabhal na an deamhan uaidh é mar thug an preachan fada an t-éan o'n chirc buidhe. tabhair damh-sa beagan de'n bheagan agus morán den mhorán, léim ghirrfiadh de ime, lán mála uibheacha cearc, tachtadh na muice fireannach gruth cuid doirne tobac,mias

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge