Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí sé ag dul cómhgarach ag an ghleann chonnaic sé an gal saluis ag dul suas san spear. Síos leis giota eile agus tcí sé an caislean ba fhíor bhréaghta da’r leag sé súil ariamh air. Bhí sé uilig na fhuinneógai agus é lasta ó thalamh go dian.
Ceann sé cómhgarach chuig an doras agus d’amharc isteach. Caidé tcí sé istigh ach sgaifte de fheara beaga tárnocta, an sgian aca, iad d’á síneadh ó dhuine go duine, gach fear ag amharc go gear uirthi agus an ‘iontas ortha de réir a gcuma. Chaith Conán de a chuid éadaigh féin, isteach leis agus sheasuigh ina measg. Thainic an sgian fhad leis, agus choinnigh Conán í.
“Leig uaid an sgian”, ars an fear ba deise dó.
“Is leór duit a luathas a bhfuigh tú í”, ars Conán, agus sháith sé an sgian ann. Leag sé ortha agus char stad sé go rabh an t-iomlán aca marbh aige ach fear amháin a d’imthigh air.
Cuartaigh sé thart agus thuas san tseomra fuair sé moll mór óir i gcroidhe braith line a bhí spréidhte ar- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall