Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur mharbh duine éiginteacht é agus nach rabh moill ar bith a aithniughadh no gur chur sé sneachta aréir agus cerbé teach ina a mharbhadh é bhéadh teine ann go maidin agus go mbéadh an sneachta léighte ar an teach seo. Dubhairt an buachaill go rachfadh sé thart agus chuaidh. Bhí sneachta ar gach teach ach ar theach a dhearbhráthair. Dubhairt an fear saidhbhear go gcaithfidh gur a dhearbhrathar a mharbh an bhó agus dubhairt seisean nar mharbh. Annsin bhí sean bhean i dteach an dearbhráthair shaidhbhir agus dubhairt sí leis an fhear ise a chur isteach i gcófra agus neart bidhe leithe agus í a chur anonn 'na tighe eile agus go mbfhéidir go gcluinfeadh sise rud eiginteacht fa'n bhuin. Rinne an dearbhráthar saidhbhear seo agus dubhairt sé leis an dearbhráthar eile go rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall