Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal - Loch Finne

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 261

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sgéal : - Loch Finne

Amras Ó Caoimhghín- Mín na Sróine
Na Cruacha
An Clochán
Leithbhearr
Aos 51
Tógadh é 5 mhíle ón ait thuas agus fuair sé seo ó na athair nuair a bhí sé 12 d'aois.
Bhí seanduine ina chómhnuidhe le na mhac Forghamhain agus le na inghean Finngheal i gcró fód cómhgharach ag Loch Finne, atá istigh i lár shleibhte Thír Chonaill. Bhí na Fianna ag dul thart 'seilg cómhgharach ag an loch lá amháin. Ní raibh sgian na ranna leo agus nuair nach raibh ní thiocfadh leo mórán seilge a dhéanamh. Tháinig an-ocras ortha agus rinne siad amach go mb'fheárr tarraingt ar an chnó go bhfeicfeadh siad an bhfuighidh siad aon rud le h-ithe. Rinne . Dubhairt an seanfhear leo nach raibh rud ar bith aige-san le tabhairt dóibh ach ar seisean "Tá fhios ag mo mhac áit a bhfuil tarbh allta 7 rachaidh sé libh agus thig libh é a mharbhadh" Chuaidh Forghamhain leo agus theasbáin an tarbh dóibh ach theip ar na Fianna uilig a mharbhadh. Annsin chuaidh an Forghamhain de léim ar dhruim an tairbh agus ní raibh i bhfad gur mharbh sé é. Reannadh an tarbh ina cheithre cheathramhna

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Chaoimhghín
Inscne
baineann
Seoladh
Mín na Sróna Theas, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Amras Ó Chaoimhghín
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
51
Seoladh
Mín na Sróna Theas, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge