Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus chuir sé cuid de'n im ar an toirtín. D'ith sé a sháith de'n im agus luigh sé fa na h-airdibh go dtí tráthnóna , agus fhluich sé é féin. Tháinig sé 'na bhaile chuig Móirí agus é an-tuirseach go deo. D'iarr sé ar Mhóirí ar maidin lá thar na mhárach éirighe agus toirtín a dheánamh dó. D'éirigh Móirí agus rinne sí an toirtín dó. D'imthigh an madadh ruadh agus chuaidh sé fhad leis an im agus thug sé leis an méid a bhí ann agus chuir ar an arán é. Dubhairt Móirí leis lá thar na mhárach go rabh an t-im ag éirighe beag, go rachfadh siad suas agus go dtabharfadh siad leo cuid de. D'imthigh siad leo suas an cnoc. Tháinig siad fhad leis an tubán go deireanach. Thóg Moirí an sgraith agus bhain sí an clár de'n tubán.Ní rabh dadaidh ann. Dubhairt Moirí leis an mhadadh ruadh gur ith sé an t-im agus dubhairt an madadh ruadh léithí gur ith sise an t-im(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall