Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 244
- XML “Caiftín Ó Dochartaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)domhain. Am amháin chaith cuid dá chuid lámh amach san fhairrge é.Dubhairt sé gur shnámh sé fhad le carraig . D'fhiafraigh an tighearna talaimh de chaftaoin an tSasanaigh annsin goidé'n pionnus a chóir a thabhairt don té a dheánfadh a leithéid sin. " Tá maise", arsa caftaoin an tSasanaigh" ba chóir é a mharbhadh agus ceithre ceathrannaí a dheánamh agus ceathramhadh a chur suas ar achan choirneál de'n domhan." Maise, más mar sin átá ", arsa Caftaoin Ó Dochartaigh " tusa an fear a rinne é" Scannruigh Caftaoin an tSasanaigh annsin agus d'imthigh sé leis.Dubhairt Caftaoin Ó Dochartaigh annsin gur chóir go bhfuigheadh seisean an saidhbhreas nó gurbh eisean a thug a inghean abhaile. Thug an tighearna talaimh a chuid saibhreas do agus pósadh é féin agus inghean an tighearna talaimh. Bhí dóigh mhaith ortha ó sin amach.
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall