Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 241
- XML “Na Daoine Maithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)talamh agus nuair a bhí sé thíos giota chonnaic sé leac mór a bhí comh mór le doras. Thóg sé an leac, agus tháinig sé ar pholl mór le dhul isteach ann. Chuaidh sé isteach agus chas sé de bhean agus madadh dubh léithí. Dubhairt an bhean leis muna bhfuigfeadh sé deireadh na gcloch a thóg sé arais go bhfuigheadh sé bás roimh seacht lá. D'fhág se arais iad agus ní bhfuair se bás go rabh sé seachtmhadh cúig de bhliantaibh.Bhí seanduine 'na chomhnuidhe ar na Cruachaibh tá fada riamh ó shoin. Bhí beirt mhac aige, agus nuair a rinne sé a thiomna d'fhág sé gach rud ag an mhac a ba shine agus d'fhág sé an mac ab óige gan phingin. Nuair a cuireadh an t-athair dubhairt an gasúr ab óige leis an fhear eile." Caidé dhéanfas mise anois, níl dadaidh agam". Dubhairt an dearbhrathar leis " má fhanann tú liomsa agus obair a dheánamh damh bhéarfaidh mé do chuid duit" D'fhan an gasúr leis ach bhí an-droch dhóigh air , agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuid
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cruach Leac, Co. Dhún na nGall