Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 239

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 239

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 239
  3. XML “Na Daoine Maithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a bhí gnaithe agam leat ní tháinig tú 'mo chomhair" D'imthigh sé leis chuig na sidheóga arais agus ní fhacas ní ba mho é.
    4. Bhí fear as an áit seo am amháin ag dul go Bealach Féich agus ní rabh bainne ar bith aca sa bhaile. Rinne sé amach go dtabharfadh sé leis canna agus go bhfuigfeadh sé an canna ag an bhinn mhór go mbeadh sé ag teacht ar ais agus go mbéadh braon bainne leis ón teach annsin. Nuair a bhí sé ag dul soir ag sean bhallógaí sgoile a bhí ann chonaic sé bean ag blighe bó . Dubhairt sé léithí " Nár mhéanra dúinne sa bhaile dá mbeadh an oiread sin bainne againn" Indiadh sin a rádh tháinig loch mór bainne roimhe ar an bhealach mór agus b'eigean dó snámh ar an bhainne 'na bhaile.
    5. Bhí bean 'na comhnuidhe san áit seo uair amháin. Lá amháin tháinig bean ruadh isteach chuici agus ní fhaca sí ariamh roimhe í. D'iarr sí canna mine a thabhairt di , agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Diarmuid
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cruach Leac, Co. Dhún na nGall