Cistí Óir i bhfolach
Pádraig Mac Giobúin
mar ar leath 10.
Amuigh thiar ag Cruach an Airgid tá ballóg ann agus tá pota óir i bhfolach. Fágadh annsin í in am na Dlíghthe Pianamhla. Bhí fear ag dul thart maidin amháin ag cuartughadh caora agus chonnaic sé an t- ór. Sgannruigh sé agus theich sé. Dá bhfanfadh sé agus an chroich chéasta a gheárradh bhéadh an t-ór aige.
Thíos faoi Gháigin tá ór i bhfolach ó am na saighdiúirí dearga. Ní bhfuighidh aon duine é ach duine ruadh de Chloinn Uí Fhionnghaile. Deirtear gur fear a bhí 'na chomhnuidhe in Ailt an tSneachta, agus nuair a tháinig na saighdiuírí air d'imhthigh sé leis an ór.Chuir sé i bhfolach i bpáirc é. Tá sé annsin ó shoin.
(leanann ar an chéad leathanach eile)