Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Cruacha | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 227

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

An t-ám a chuidh mé go Tír Eogainn bhí gasúr beag ar an bhaile seo am amháin. Rinne sé suas in a intinn go n-imteochadh sé go Tír Eoghain, mar ndúil go bfhuigheadh sé fasta a deanamh le feirmeoira ar feadh an t-séisúir.
D’imtigh sé tráthnóna amháin inghanfhios do na mhathair agus do na athair. Nuair a bhí sé ag tarraingt comhgarach do an Bhrocaigh bhí sé ag eirighe mall go maith san trathnóna. Casadh cailín ruadh air agus bascáid mhór géal léithe. D’ fiosruigh sí do ca rabh sé ag gabhail, agus dubhairt sé go rabh sé ag tarraingt ar an tSrath-Bhán. Agus dubhairt sise go rabh lúthghair uirthi an cuideachta a bheith léithe. Siubhal siad leo giota fada agus sa dheireadh d’iarr sí ar an ghasúir an bhaschaid a iomchur giota díte go rabh sí ag éirighe tursach leis. Nuair a thainig siad go Bealach Féidhe d’iarr sí ar an ghasur dul isteach léithe go teach biocailte go bhfuigheadh siad rud eiginteacht le h-ol. Fuair sise dhá leath sheann uisge bheatha. Ní rabh ag an ghasuir acht sgilling amháin agus thoisigh sé ag smaointeadh dá sgairtfeadh seisean ar dhá leath cheann eile nach nbeadh fágta aige acht dhá phínginn. Acht ua bith, smaointigh sé nach mbeadh sé na bhachach agus fuair sé dhá dheoch eile. Nuair a bhí sin ólta aca dubhairt an cailín ruadh go rabh sí ag gabhail amach go dtí teach eile, agus nach mbeadh sí bomaite go mbeadh sí arias. Acht dá bhfannochadh an ghasuir i dteach na biodailte o shoin ní thiocfadh an cailín arias. Sa

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge