Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    14.Níor mhill coimhead maith a dhath ariamh.
    15. Indiaidh na trócaire a thiocfas an grádh.
    16 An rud a scríobhfas an púca léighfidh se féin é.
    17. Dearbráthar de'n tsac an mála 7
    uncal de'n chopán a' sgála.
    18. An áit a mbíonn fir bíonn mná 's an áit a mbíonn mná bíonn geab.
    19.Is cleasach an peata an saoghal is is beag nach mbaineann sé liomóg as.
    20.Is míne min na cáith ach ní míne fir nó mná.
    21.Muileadta an mádhamh 7's maith an drádhmh an sruth.
    22.Airgead na n-óinseach a chuireas bróga ar bhean a' phíobaire.
    23 'Sé subhailce na h-óinsigh a bheith ag gáirí i gcomhnuidhe.
    24. Tuigeann Tadhg Tadhgaidhe 's ní thuigeann Tadhgaidhe tada.
    25 Is iomaidh uair a bhris béal duine a shrón.
    26.Bíonn adharca fada ar bhuaidh
    ( bhuaibh) i Sligeach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Riáin, Co. Dhún na nGall