Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 223
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcuireann siad é.
An Coinín
Tá fairsingeacht coinín fa'n áit seo. Deir na daoine go bhfuil nádur luchóige móire sa choinín, agus nár cheart é a ithe.
An Ghirrfhiadh
Tá seacht leigheas ag an ghirrfhiadh 1.leigheas tinneas cinn
2. leigheas sgeadamáin fríoth ( frithir).Deirear gur sean- chailleach pisreogach atá ins na girrfhiadhaí bána. Ba ghnáthach leobhtha-san iad féin a thionntughadh isteach ina ghirrfhiadh go minic.
An Dobhar-chú
Seo beathach millteanach agus adharca air. Bíonn sé beo ins na lochannaibh atá 'sna Cruachaibh Gorma. Achan seachtadh bliadhain fásann adharca úra amach as na sean adharca.
Ritheann se indiaidh daoine le h-éadach dearg ortha. Lá amháin rith sé indiaidh mná a rabh clóca dearg uirthi, ach chaith sise a clóca ar charraig agus sgoilt an dobhar-chú a chloigeann, ag déanamh gur í an bhean a bhí ann.- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall