Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cruacha
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “Ainmhithe Allta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Luchógaí móra
    Tá an-fhuath ag na daoine ortha seo agus ta mórán leigheasanna le iad a chur ar shiubhal ó theach.
    Tá uisge Thobar an Dúin an-mhaith agus ghníodh daoine na h-áite turas go Tobar an Dúin le iad a dhibirt.
    Deirtear go bhfuil cupla focal agus nuair a scríobhtar iad, imthigheann na luchóga. Nil ach corr dhuine ábalta seo a scríobhadh. Deirtear go bhfuil fear fan áit seo ábalta é a scríobhadh. Cerbh
    ( cibé)é an rud a scríobhann sé imthigheann na luchóga ag tabhairt an pháipéir leobhtha. Caithfear iad a chur go h-áit chomh maith leis an áit a d'fhág siad amhthach ( áfach).
    Ghníodh siad mórán scrios fa thoighthibh go minic. Strócann siad málai agus cláraí, itheann siad uibheacha agus éanlaithe, bíonn comhnuidhe aca istoigh i gcruachaibh arbhair agus i mballaibh agus i gcláraí. Ní maith leobhtha tormán. Deirtear go dtógann siad ar shiubhal luchóg mharbh agus go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire C. Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Deargchruach, Co. Dhún na nGall