Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 216
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní raibh ag na daoine le déanamh ach an poll a dhruid. Ní bhfuaras greim ar shagart ariamh ann. Ní íosfadh beitheadhach ar bith féar na h-áite.Tá poll mór istoigh i gcarraig le na thaobh agus deirtear go b'iad na saighdiuirí dearga a sgaoil leis ag déanamh go rabh sagart i bhfolach ar a chúl.
Árd na bothóige
Seo áit ar thaobh Gháigín, agus bhí sagart ag léigheamh Aifrinn ann. Tá carraig mhór mar a bheadh tábla ann, agus poll ins an charraig. Ins an pholl seo tá cros mór agus deirtear nár cheart í a thógáilt.Carraig an Stúlaire ( Árd)
Seo carraig mhór thíos ag bun Gháigín.Deirtear go bhfuil sean draoi curtha ann. Am amháin leagadh an charraig seo agus chuaidh ba na h-áite uilig ar mire. Bhí siad mar sin gur tógadh an charraig arís. Tháinig sagart agus léigh sé thart fan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall