Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)
- Suíomh:
- Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Chinnéide
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cruacha
- XML Leathanach 212
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mharcach d'imtheochadh an marcach 'na theinidh agus ní bheadh an duine é féin i bhfad beo.
Carraig an Áraidh Anroich (Anró?)
Tá an áit thiar annsin ar mhullach na gCruach Gorm. Bhí fear ag teacht isteach as Dún na nGall, agus tháinig an odhíche air ar na cnocaibh. Luigh sé síos faoi charraig agus leis an oídhche shiocáin agus sneachta bhí sé marbh ar maidin. De bhrígh sin 'sé Carraig an Áraidh a thugtar ar an áit ó shoin.
Carraig Fhinn
Seo carraig mhór atá 'na luighe ar shráid toighe comhgarach ag an sgoil. Deirtear gur chaith Fionn Mac Cumhaill í ó mhullach na gCruach Gorm.
"An Páiste beag"
Seo ainm atá ar pháirc thíos ag bun Gháigín i nDeireadh gCruach ( Dearg Chruach). In aimsir na nDlighthe Pianamhla bhí dream daoine lá amháin istoigh faoi charraig i bhfolach ar shaighdiúiribh dearga. Bhí bean ann agus páiste óg leithí .Bhí eagla ar an bhunadh eile go rachadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire C. Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Giobúin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Deargchruach, Co. Dhún na nGall