Áit-ainmneacha
Pádraig Mac Giobúin. 73-aos.
Deireadh gCruach ()Dearg Chruach, An Coimín, Leithbhear.
Seo béaloideas na háite. Tógadh an fear seo ag an tseoladh atá luaidhte thuas.
Bealach na gCreach
Ins an 15ú aois déag bhí Clann Ó Domhnaill i dTír Chonaill agus Clann Ó Néill i dTir Eoghain in achrann lena chéile. Ba ghnáthach le Clann Uí Néill theacht go Tír Chonaill agus creach a ghoid. Thiocfadh siad an aithghiorra fríd na cnuic. Ni raibh bealach mór ar bith ann an uair sin. Baisteadh Bealach na gCreach ar an gheafta seo idir oirthear agus iarthar an chonndae.
I bhfad indiaidh sin mhair an droch chliú ag Bealach na gCreach agus deirtear gur iomaidh duine bocht a marbhadh san áit uaigneach seo. Tá iomradh taidhbhsí agus droch-spiorad ar an áit fosta.
Bhí bean ina comhnuidhe léithí féin amuigh annsin ar Bhealach na gCreach. Oidhche amháin chuala sí na beithidhigh ag dul
(leanann ar an chéad leathanach eile)