Scoil: Na Cruacha (uimhir rolla 14879)

Suíomh:
Na Cruacha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Chinnéide

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
(gan teideal)

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

Bhí tailliúr agus a bhean na gcomhnuidhe ar an Ghrafaí uair amháin bhí lán toighe de clainn aca...

Peadar Mac Diarmuid, An Crolac, An Coimín, Leithbheárr.
Aos-56
Mar ar leath 1.
D'innis clann Pheadair Mhic Dhiarmuid na scéalta seo agus sgríobh mé féin síos iad.Bhí táilliúir agus a bhean ina gcomhnuidhe ar an Ghrafaí uair amháin. Bhí lán toighe de chlann aca. San am sin ba ghnáthach le fear a mbeadh culaith éadaigh a dhíoghbháil air sgéal a chur chuig an táilliúir, rachadh seisean a fhad leis an teach, agus d'fhanfadh sé ann fhad is bheadh sé ag déanamh an chulaith.
Am amháin chuaidh an táilliúir seo amach thar na cnocaibh go Dún na nGall ar ghnaithe chulaith agus nuair a fuair sé a pháighe chuaidh sé ar an dreabhlas in áit pilleadh arais na bhaile leis an airgead agus é a dhíoghbhail go géar. Sa deireadh chaill an bhean bhocht ? agus ar shiubhal léithi á chuartughadh.Casadh ar a chéile iad amuigh annsin ag an loch bheag atá ag taobh Loch Iadha

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire C. Ní Chinnéide
Inscne
baineann
Seoladh
Cill Riáin, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Peadar Mac Diarmuid
Inscne
fireann
Aois
52
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Cruach Leac, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge