Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)
- Suíomh:
- Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Niallghuis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín an Bhealaigh
- XML Leathanach 86
- XML “Spealadóirí Cáiliúla”
- XML “Tadg Bacach Ua Gallchobhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an baile a fhágaile. Rinne Dómhnall a dhícheall gan a leigine leis ach ní raibh gar ann. Tháinig Seán beag suas leis, agus cuirr sé lann na speile fríd a choir, isteach ar taoibh amháin agus amach ar an taoibh eile. Chuir sin stad leis an chomórtas an lá sin, agus bhí Dómhnall bacach go dtí lá a bháis. Níl ceachtar aca beo anois. Fuair siad bas fa thuairim fiche bliadhain ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Ní raibh Tadg é féin bacach nuair a bhí sé óg. Nuair a chonnaic mise é an chead uair bhí sé na shean duine beagnach. Thug sé a chuid talaimh do fear eile agus chuaidh sé go dtín Oilean Úr. Fuair sé bas annsin seal tamail ó shoin do réir mo bharamhala.
Bhí cruinn mhór ag fás thart fa teach a athara nuair a bhí sé óg, agus bhí nead ag Snag-breac ar ceann aca. Dhréapuigh sé suas an crann lá amháin go raibh sé ag an nead. Mhill sé an nead acht nuair a bhí sé ag teach anuas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Coilleadh, Co. Dhún na nGall