Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)

Suíomh:
Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Niallghuis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 79

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 79

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Bhealaigh
  2. XML Leathanach 79
  3. XML “Leabaidh Dhiarmuda”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Gráine agus Diarmuid ar a seachnadh agus Fionn dá gcuartughadh, 'siomaidh áit a chaith siad oidhche agus lá. Tá uaimh ar thaobh an chnuic sa Ruadhchró i paráiste na gCeall a dtugtar Leabaidh Dhiarmuda uirre, agus deirtear gur chaith siad seal tamaill san uaimh seo.
    Bhí siadsan ag imtheacht ó áit go háit agus Fionn agus dream eile de na Fiannaibh ina ndiaidh. Thiocfadh le Fionn a fháil amach gach maidin cén áit ar chaith siad an oidhche roimhe sin. Bhí an t-eolas sin le fáil aige ó fhiacail eolais a bhí aige. Bhí fhios aca sin fosta. Thug Diarmuid leis mála beag gainmhe ón tráigh agus achan oidhche chuir siad an mála faoin leabaidh. Ba é an t-eolas a bhfuair Fionn gach maidin go raibh siad na luighe ar ghainimh an trágha an oidhche roimhe sin. Shaoil seisean siocair sin go raibh siad i bhfolach áit éigin ar imeall na fairrge agus chaith seisean agus a chuid fear ag cuartughadh ins na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Sheibhlin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Gairm bheatha
    Scoláire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ruachruach, Co. Dhún na nGall