Scoil: Mín an Bhealaigh (uimhir rolla 15229)

Suíomh:
Mín an Bhealaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Niallghuis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 129

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 129

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Bhealaigh
  2. XML Leathanach 129
  3. XML “Stór faoin Talamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ina chomhnuidhe i gCaiseal fad ó shoin agus deirtear gur fuair sé croc óir faoin talamh san bhaile ceudna.
    Fuair sé eolas ar doigh éigin go raibh an stór san áit seo: agus thug sé leis spád agus fa thuairim do dheúg de'n chlog san oidhche thoisigh sé ag baint.
    Tháinig sé go dtí leic mhín, agus bhí sé de'n bharamhail go raibh an stór faoin leic seo. Thosuigh sé ag baint thart fán leic annsin acht tháinig sgaifte lorgán air agus b'eigean de teicheadh.
    Chuaidh sé abhaile agus d'innis sé do shean bhean a bhí san teach, caidé mar d'éirigh leis. Thug sise comhairle de. An oidhche i ndiaidh sin, chuaidh sé chun na h-áite arais, agus thug sé leis lorgán nádura, nuair a tháinig na losgamh amach as faoin leic, chaith seisean an losgán eile in a measg, agus d'imthigh siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ua Luig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    39
    Gairm bheatha
    Saor cloiche (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Caiseal, Co. Dhún na nGall