Scoil: Clochar (uimhir rolla 13296)
- Suíomh:
- Inis Caoil, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Giolla Bhríghde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar
- XML Leathanach 21
- XML “Gleann Sráth Chaisil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Séamus Ó Breanain as Sráith Chaisil a cheap, nuair a chuaidh sé go dtí an Oileán Úr fá thuairim dhá hichead bliain ó shoin. Fuair mé é ó Mháire Ní Thionánaidhe (25 bliain) Mín-an-tSamhaí.)I measg Sléibhte Thír Chonaill mar seód glas
Tá gleanntán fíor-álainn in a luighe,
'Is fíor-ghrádh mo chroidhe-se do'n bhaoll sin
Ní féidir a choidhche a chlaoidh
'Sé mo ghrádh-sa grádh láidir an deóraidhe
Do'n áit a bhfaca mé an chéad uair an lá,
'N áit a chaith mé le pléisiúr m'óige
Go subhailceach, neamh-bhuartha gach tráth.A ghleanntáin ghlais ghrianmhar na nóinín,
A bhaile bhig álainn na gcraobh,
A léanta tá breacaighthe le samharcáin,
'S a thigh hig ar imeall an fhraoigh,
Is orraibh-se a mheabhruighim go minic
Cidh gur fada ar shiubhal uaibh ariamh,
Ná ní laigheadann fhad talamh na fairrge
Fíor-ghrádh mo chroidhe na mo dháimh.Is fíor 'as is fearamhail a mhuintear
A chómhnuidheas go suairceach annseo,- Faisnéiseoir
- Máire Ní Thiománaidhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 25
- Seoladh
- Mín an tSamhaidh, Co. Dhún na nGall