Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach “leig tusa amach bean mhic an Righ thoir cum no [clia]? cha dearn sí. Dubhairt sé go leigeadh sé amach í. Acht d’iarr sise lan mo dhuirn a leigint liom gan cuireamh. Thug sé ribe as teann gach mna go dtí go rabh lan a dhuirn de ribeacha aicí. Annsin lean na mna eile í. Núair a connaic Garraid seó chonghbaigh sé istigh an t-iomlan acha Connaic na Fiannaibh an toit agus dubhairt siad “nach mór an ce cughainn aniar”. Ag radh Fionn Rígh na Féinne deo-gaoth casgairt cuir na dtoighthe da laradh ar daoinibh. Cuir Fíonn a órdóg faoí fiachail. Fúair sé fios go rabh a teach agus na mna doighthe.
Chuaidh Garraid í bhfolach águs chodladh sé an chead oidhche i n-uaigh sa gleann Chuaiche. Nuair a thainig na fír abhaile fuair siad na (fir) mna na n-grabhár dubha doighthe. Annsin thoisigh síad ag cuartúgadh Garraidh acht ní thiocfadh leo é a fhághail. Annsin chuaidh Garraidh go Connacht agus chuaidh sé isteach i n-uaigh agus d’fan se annsín naoí lá agus naoí n-oidhche gán aón gréim bith a fhaghail, hinnseadh dó mach Garraidh gúr beathadhach Fíadhain a bhí ann, agus chuaidh se isteach agus mharbhuigh sé a athair. Annsin d’ath se a lámh comh mór go bhfúair sé bás.- Bailitheoir
- Máire Nic Niallghúis
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peggy Ní Bhaoghail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall