School: An Tulach Mór (roll number 6293)
- Location:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach Mór
- XML Page 67
- XML “Seanscéaltaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéaltaí (continued)
“Bhi Fianna Éireann lá amháin ag sceilg ar sleibhte na nGleannta.”
(continued from previous page)bogan de’n croigean agus croigean de’n bhogan agus tobaracha fíor uisge i lár na gcnoc nglas, agus leag an t-sean-cailleach Goll Mac Morna. Bhain sí peire iallacha amach as a bróg agus cheangail sí a dhá láimh agus a dhá chois agus shuidh sí na mhullach ag ithe a ceathrúghadh.
Bhí oiread cead fear ‘san eile leith-mhear da rabh ar Goll Mac Morna. Níor innis Finn Mac Cumhail ariamh dó go rabh ar eagla go muirfead sé iomlan na Fiannaibh acht d’iarr sé amharc an dtiocfadh leis a chuid mhear a osgladh. Rinne Goll Mac Morna sin agus rinne sé Crioscaí de na cordai agus annsin rinne sé giotaí beaga do’n cailleach agus d’ith sé a ceathrughadh.
Annsin thainig fear dubh dorcha isteach agus madadh caol dubh leis. D’fhiafruigh sé an rabh madadh ar bith annseo a throidfeadh a mhadadh. Dubhairt Fionn Mac Cumhail go rabh agus thoisigh na madaidh ag troid. Mharbh an madadh caol dubh iomlan na madaidh eile. Nuair a chonnaic bran seo léim sé suas ar glúin Fhinn Mhic Chumhail agus thoisigh sé ag caoineadh. Bhí bróg nimhe ar bhran agus sgiob Finn Mac Cumhail an bhróg nimhe dithe agus d’iarr sé uirthi gan eagla air bith a bheith uirthi. “Ar ndoiche ar seisean nar mharbh tú an Rí cat cruachlan a bhí i gcruacha Connachta agus an torc nimhe a bhí i gcruacha Sligeach agus le sin léim bran ar an mhadadh chaol dhubh agus tharraing sé(continues on next page)- Collector
- Máire Bean Uí Bhreisleáin
- Gender
- Female
- Informant
- Anna Ní Ghuibhir
- Gender
- Female
- Address
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Brian Mac Guibhir
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall