Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach Mór
- XML Leathanach 66
- XML “Seanscéaltaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéaltaí (ar lean)
“Bhi Fianna Éireann lá amháin ag sceilg ar sleibhte na nGleannta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)rinne sé fios agus dubhairt sé go rabh an chuid eile de na Fiannaibh le marbhughadh ag Fianna na Beilge.
Ghleas sé é féin agus na Fianna agus bran ortha agus chuaidh siad anonn go cuairt na Beilge.
Nuair a chuaidh siad isteach thall na cuairte dubhairt Goll Mac Morna go gcaithfeadh taoibh de’n teach a béith fa choinne Fianna Éireann.
Chuaidh an fear dubh dorcha amach agus thug sé isteach muc mhór agus chaith sé isteach ‘sa theine í le na rópadh. Sé an gnás a bhí ag Goll Mac Morna i dteach cuideachta a chuid eadaigh a chaitheamh de agus é féin a grian úgadh leis an teine. Chaith sé dó a chuid éadaighg agus shuidh sé amach os coinne na teineadh. Léim an mhuc i náirde agus chaith sé na h-aibhleogaí amach ar Goll Mac Morna agus doigheadh é. Léim sé ar mire frid a teach agus d’íarr Fionn Mac Cumhail air suidh síos go socmhair [las]? ag Goll Mac Morna a bheith rann na muice agus go direach nuair a bhí sé da rann thainig sean-saileach isteach agus dubhairt sí “biadh! Biadh! No troid”!
Chaith Goll Mac Morna an ceann agus na cosa insortaí agus slug sí sin. Dubhairt sí arais “biad! biad! no troid”. Thug Goll Mac Morna leis a chearthúghadh fhéin dí agus d’ith sí sin. Annsin dubhairt sí go caitfeadh sí tuilleadh a fhághail no troid. Dubhairt Goll Mac Morna go bhfuigeadh sí troid agus fuair a bheirt dhá ghreim ar a cheile agus thoisigh siad a chasadh agus chas siad goidearn siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bean Uí Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghuibhir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mac Guibhir
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall