Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 443
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamhain ann in am amháin, agus bhí seachtar mac acu. Bhí séisear do na mic a bhí umhal, déagh bhéasach agus faoi chomhairle agus stiúradh ag an athair agus ag an mhathair, ach an seachtadh mac, agus an fear ab óige, bhí sé dreabhlásach, mí stiúrthach agus ar a chomhairle féin, agus ní rabh gar nó tairbhe do'n athair a bheith da chomhairliú. Bhíodh a dhóigh féin aigesean. “Mac na Mí Chomhairle” a bheireadh an t-athair air. Ar an taobh eile, ba é an mac seo a ba mhó a raibh gradh agus gean ag an mhathair air. Bhí fear feasa ins an chomhursanacht a dtugtaí “An Sean Dall” mar ainm air. Chuaidh an t-athair chuig an tSean Dall le comhairle a iarraidh air fa caide ab fhearr a dheánadh le Mac na Míchomhairle. Dubhairt an Sean Dall leis muna bhfuigheadh sé réidtigh le Mac na Mí Chomhairle in am ghoirid go dtabhairfeadh sé náire agus sgannail mhór do i ndeireadh a shaoghail. Chuir an t-athair ceist air annsin caide an dóigh a b'fhearr le fághail réidtigh leis an fhear óg. “Tá,” arsa an Sean Dall, “téigh féin agus do sheachtar mac 'na coilleadh amárach a gheárradh adhmaid, agus bidhigidh cinnte a dhul isteach i ndoimhneacht na coilleadh. Sul a bhfágaidh sibh an choill le theacht na bhaile arais sáith tusa do sgian isteach i gcrann agus fág annsin í. Nuair a thiocfas am luighe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padraic Mac Eiteagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Fánaibh, Co. Dhún na nGall