Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 422
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bearad dearg ar a chionn, agus ní thiocfad liomsa smaoiteadh ar ghléas ar bith a b’fheárr na an tiomlan acu a thabhairt liom agus chead agatsa do rogha duine acu a ghlacadh fa choinne carraideas críostaighe, agus greadfaidh mise an chuid eile acu arais go h-ifreann”.
    “Ó”, ars an maighistear, “cuir an tiomlan acu arais sul ma sgriosfaidh siad an saoghal, níl graithe agam le aon chionn acu anois”.
    Annsin chuaidh Crochar roimhe na diabhail, agus thionntaigh arais iad, agus thiomain arais isteach go h-ifreann iad.
    Chuaidh an fearamor annsin chuig Cailleach na gcearc agus dubhairt léithe go rabh Crochar Beag slán arais as ifreann, agus nach rabh gar a bheith ‘dréim le na bhás.
    “Bheirfidmid fiachailt eile do”, arsa sise, “abair leis a dhul agus rí na gcat a mharbhadh”.
    Thainic an fear abhaile, agus adeir sé le Crochur.
    ”Tá sluagh cat ag teacht fan teach seo achan oidhche, agus iad ag deánadh sgrios ar an éanlaith. Da mbéadh rí na gcat marbh ní phillfeadh an chuid eile ní ba mhó, a Chrocair ba chóir duit fiachailt le na mharbhadh”.
    “Maise”, arsa Crochur, “níor sháruigh dadai ariamh orm dar fhiach mé leis, agus dheánfaidh mé mo dhicheall le righ na gcat a chur den fhodar, ach caide mar d’aithneochainn rí na gcat thar chat ar bith eile?”
    “Tá”, ars an fear, “anocht nuair a béas sluagh na gcat ar mhullach an bhalla sin shíos, tabhair thusa leat fuip agus téidh síos. Imtheochaidh an chuid eile uilig ach cat
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tarlach Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall