School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 421

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 421

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 421
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus rud eile. Ní rabh diabhal acu nach rabh bearad dearg ar a cheann. Bhí an sean diabhal é féin ceangailte den bhalla le slamhra mór iarainn, agus bhí bearad dearg ar a cheann san fósta. Ní rabh fhios ag Crochur Beag faoi’n spéir caidé a b’fheárr do dheánadh. Fa dheireadh smaoitigh sé go dtabhairfeadh sé iomlan na ndiabhal leis. Sgairt sé leo congbhail modamhail tamall beag, ach ní rabh gair do ann. Ní rabh cosamhlacht orthu go rabh siad faoi smacht ar aon dóigh. Dhearc Crochar Beag suas, agus thug sé fa dear sean súiste mór iarainn a ba ghrathach a bheith ag an tsean diabhal sul mar ceangladh é, agus é crochta trasna ar thaobhann. Shín sé suas fa choinne an tsúiste, chraith an mhór chuid den tsúithche de, agus thoisigh sé, buille thal agus buille i bhfus ag sústail na ndiabhal, agus ní rabh i bhfad gur chuir sé smacht orthu. Shocruigh siad, agus bhí tréan eagla orthu roimhe, agus dheánfadh siad rud ar bith da ndiarrfadh sé orthu. Scaoil sé an diabhal mór, d’fhosgail an geafta, agus thiomain sé iomlan na ndiabhal amach roimhe, agus thug aghaidh arais ar an bhaile, agus an driong diabhal ag siúbhal roimhe ag sgreadaigh agus ag béicfigh, an gleo agus an callan a bhí acu bhí léan air. Nuair a chonnaic an maigistear ag teacht é féin agus an driong a bhí leis bhí sé ar crith in a chraiceann le heagla. Scairt sé leis ag fiafruigh ca rabh sé ag dul leis an sluagh diabhal sin-
    “Dar ndóigh”, ars an maigistear, “níor iarr mise ort a bheith leat ach diabhal amháin”.
    “Nuair a chuaidh mise go h-ifreann”, arsa Crochar, “ní fhaca mé aon ndiabhal taobh istigh de na ballaí nach rabh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Tarlach Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall