Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 412

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 412

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 412
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí sin ann tá fad ó shoin. Bhí sé ina chomhnuidh ar an bhaile seo fear darbh ainm do “Crochar Beag.” Tugadh “Crochar Beag” air siocair go rabh “Crochar Mór” ar 'athair. Bhí sé in aice le fiche bliadhain d’aois agus níor shiúbhail sé aon choiscéim ariamh ach, muna rabh lúth na gcos féin aige, d’fhás sé mór agus fada go leor. Bhíodh sé ina luighe ar shráideoig sa chlúdaigh agus nuair a shíneadh sé é féin rachadh a chosa amach ar an doras.
    Lá amháin fuar sneachta sa gheimhreadh thainic a athair isteach le cliabh mónadh agus thrampail sé ar chosa Chrochair Bhig. Chrup Crochar Beag suas é féin, agus labhair sé go conofach feargach le n' athair. Dubhairt an t-athair leis go rabh sé fada go leor ina luighe annsin agus go rabh an t-am aige feasta éirigh agus rud innteacht a dheánadh ar son a bheatha.
    “Fágh cipín bata díomh,” arsa Crochar Beag, “a chuideochas liom siúbhal agus imtheochaidh mé i mbéal mo chinn anois.”
    Chuaidh an t-athair amach agus thug sé isteach seafog mhaith fhoinnseoige. Bheir Crochar Beag uirthi agus rinn sé dhá chuid dí mar dheánfá le slat chuisgeoirí. Thug an t-athair crann spáide dó annsin, ach bhris sé sin comh réidh fosta. Tugadh cruaidh- iarran dó annsin agus bhris sé an cruaidh-iarran treasna ar a ghlúin.
    San am sin bhí moran carraigeacha móra cloch thall 'sa bhfus fríd na cuibhrinn ar an bhaile s’againne. Leoga, tá corr cheann go fóill ann, ach díbreadh moran acu. Bhí barra mór iarrainn ag na fir fá choinne tionnta na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tarlach Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall