Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart ar an Mhachaire ins an tsean am darbh ainm do an sagart OBaoighill. Rugadh agus tógadh é ar an Mhachaire. Ní rabh saoghal comh sásta ag na sagairt ins an tír seo ins an tsean am agus mar atá anois. Béigin don tsagart OBaoighill a bheith ag siúbhal ar fud na tíre agus Aifreann a léigheamh annsud agus annseo. Rachadh sé ó am go h-ám ag marcuigheacht ar bheathach capall. Ní rabhh a mhalairt de ghlés siúbhail aige. Ní rabh bealaigh móra ar fud na tíre an uair sin mar atá anois.
Bhí adharc ag an tsagart seo agus ba ghrathach leis an adharc a shéideadh mar chomhartha do na daoine thart san chomhursanacht go rabh sé ag dul a léigheamh aifrinn, agus faill a thabhairt dobhia cruinniú. Tá an adharc seo ar faghail go fóill. Tá sí i seilbh sean mhná atá na coinnuidh ar an mhachaire ar ainm dí Cáit bean mhic aghoill. Cáit Ní Bhaoighill ab ainm dí roimh a pósta agu de shliocht na mBaoigheallach í ar de an sagart OBaoighill. Tá an adharc an chúrumach aici. Tá rud innteacht sgríobhtha ar an adharc. Ach duine ar bith da bhfaca í go fóiill ní rabh se in innimh an sgríobhaidh sa a léigheamh.
Tá leacacha annsiud agus annseo ar fud na h-inigilte a bhfuil litreacha ggearrtha orthu agus deir na seandaoine gurbh é an Sagart OBaoighiill a chuir na litreacha seo ar na clocha. Ar leic amháin acu seo tá na litreacha
D. E. S. I. P. PRAY FOR ME. W B. AUG. 1773."
Liam ab ainm den tsagart.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Aoidh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Machaire, Co. Dhún na nGall