Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 389

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 389

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 389
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá uaig cois fairrge comhgarach den Mhachaire ar a dtugtar an “Uaig Dhoracha.” Tá sean sgéal fá'n uaig seo i measg na ndaoine, agus seo mar a théid sé:-
    Ins an tsean am bhíodh píobaire ag gabháil thart fríd an tír, agus bhíodh sé ag cruinniú sgéaltach. Liam Bacach a b'ainm dó. Chuaidh sé isteach san uaig seo go bhfeicfeadh sé caidé'n fhad isteach faoi thalamh a bhí sí ag gabhail.
    Mar tá go fóill, bhí an Machaire an uair sin na áit mhór coiníní, agus gearrfhiadh. Choinniú an píobaire seo dhá chú, agus bhí siad leis isteach san uaig an lá seo. Tar éis dul isteach san uaig dó bhí na daoine ag éisteacht leis ag seinim, agus ba seo é an port a bhí sé da sheinm.
    "Beidh na gamhna óga na mba móra
    Sul a bpillfidh mise, Liam Bacach.
    Beidh na h-uain óga ina gcaoirigh mhóra
    Sul a bpillfidh mise, Liam Bacach.
    Bhí muinntear an Mhachaire ag éisteacht leis ag seinim ar feadh seal fhada, agus deir siad nar cluineadh a leitheid de cheol ariamh. Fa thuairim ráithche ina dhiaidh sin thainic ceann de na cona amach as uaig atá ins an roilig ghallda i nGleann Cholmcille, agus an fionnadh uilig ar shiúbhal de, ach ní thainic an píobaire bocht nó an cú eile amach go fóill.
    Chreid na sean daoine go rabh an uig seo lán de
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donnchadh Mac Aoidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Machaire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Aoidh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Machaire, Co. Dhún na nGall