Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)

Suíomh:
Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Grianna
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 382

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 382

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leac Chonaill
  2. XML Leathanach 382
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear na chomhnuidh i Leargonearrtha - baile talaimh atá fa dhá mhíle do Sgoil Leac Chonaill - shuas ins na sléibhte - tamall maith ó shoin. Ba ghnathach leis póitín a dhéanadh. Lá amháin bhí sé ag deanadh braon de shugh na h-eorna shuas ar lafta, sa sgiobal. Thainic an sgéala isteach go rabh na gárdaí ag teacht.
    Ní rabh moill go dtainic na gárdaí isteach, agus fuair siad na gléasairí uilig i lár an urláir, agus bhí ceig póitín ann fosta. D’imthigh cuid de na gárdaí go bhfuigheadh siad cart leis na rudaí a thabhairt na bearraice, agus shuidh fear de na gárdaí ar an cheig le na choimhead go dtiocfadh na gárdaí eile arais.
    Thoisigh an fear ar chomhradh leis an ghárda, agus d’fhraifruigh sé de ar mhaith leis sgéal nó amhrán maith a chluistean. Dubhairt an gárda nach rabh rud ar bith a ba mhó a chuirfeadh aoibneas agus pléisiúr air nó bheith ag éisteacht le amhrán maith.
    Thoisigh an seanduine ar an cheol, agus an fad agus bhí sé ag gabhail an amhráin, bhí an bhean gnaitheach faoin lafta. Bhí tor aici, agus rinn sí poll fríd an lafta agus fríd tóin an cheig. Nuair a fuair sí an poll déanta chuir sí tobán faoin’n pholl, agus thuit an póitín amach as an cheig isteach sa tobán, agus nuair a bhí an ceig follamh chuir sí an toban agus a rabh ann i bhfolach. Thainic na gárdaí eile agus an sáiseant leo., agus nuair a fuair siad an ceig follamh shíl siad go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Grianna
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall